Wednesday, April 6, 2011

Leni Riefenstahl

Tá aiste shuimiúil anseo ar Leni Riefenstahl. An bolscaireacht ná faisnéis a bhí sa scannán 'Bua na Tola'

Friday, February 18, 2011

Friday, January 28, 2011

An Séipéal Sistíneach


Thig leat turas a thabhairt thart ar an tSéipéal Sistíneach anseo.

Ealaín i Pompeii


Amharc ar na pictiúir seo ó Pompeii agus freagair na ceisteanna seo a leanas:

1. Déan cur síos ar a bhfuil le feiceáil sa phictiúr - daoine agus rudaí
2. Cad is féidir linn a fhoghlaim ón phictiúr faoi
a) Bia na Rómhánach
b) Éadaí na Rómhánach
c) Ealaín na Róimhe
d) Ceardaíocht na Róimhe
3. An foinse phríomha nó foinse tháinisteach é seo?

Obair Bhaile ar Chill Santail (Mount Sandel)



Amharc go cúramach ar an an fhíseán seo agus freagair na ceisteanna seo a leanas:

1. Cá bhfuil Cill Santail?
2. Cén abhainn atá in aice leis?
3. Cén t-ainm a bhí ar an seandálaí a d'aimsigh Cill Santail?
4. Cad a fuair na seandálaithe ann?
5. Caidé mar a cuireadh dáta ar na hiarsmaí?
6. Cén sórt tithe a bhí ag na daoine ag an am i gCill Santail?

Census na hÉireann 1911



Tá teacht ar dhaonáireamh (census) na hÉireann 1911 anseo. Ba ghnách leis an rialtas census a reachtáil uair amháin gach 10 mbliana.Tá eolas ann faoi gach aon duine a bhí beo in Éirinn ag an am.
Déan iarracht eolas a aimsiú faoi do theaghlach féin.


Wednesday, December 1, 2010

Martin Luther King "I have a dream"

5ú Bliain

Ar an fhíseán seo cloisfidh tú Martin Luther King ag tabhairt óráide i Washington ar 28 Lúnasa 1963, mar chuid de agóid fá choinne cearta sibhialta.



Déan trí phointe tábhachtach a dhéanann King a bhreacadh síos i do chóipleabhar