Tá podchraoladh ar fáil anseo a phléann idirbheartaíochtaí an Chonradh Angla-Éireannach 1921.
Ag an nasc seo gheobhaidh tú podchraoladh a dhéanann plé ar an ról a bhí ag saighdiúirí as Éirinn agus iad ag obair leis na Náisiúin Aontaithe i gCongó agus Katanga.
Monday, December 5, 2011
Friday, September 16, 2011
Cás Staidéar - Aistarraingt na Breataine ón India
Tá go leor foinsí úsáideacha ar líne don chás-staidéar seo:
Tá cur síos ginearalta ar ábhar an chás-staidéir ag an nasc seo.
Léarscáil den India roimh chríochdheighlt ag an nasc seo.
Tá físeán anseo a thaispeánann an ceiliúradh a rinneadh i bPacastáin agus san India ar lá an neamhspléachais.
Mahatma Gandhi (Príomhphearsa). Alt ó Wikipedia ar fáil anseo.
Tá cur síos ginearalta ar ábhar an chás-staidéir ag an nasc seo.
Léarscáil den India roimh chríochdheighlt ag an nasc seo.
Tá físeán anseo a thaispeánann an ceiliúradh a rinneadh i bPacastáin agus san India ar lá an neamhspléachais.
Mahatma Gandhi (Príomhphearsa). Alt ó Wikipedia ar fáil anseo.
Wednesday, September 7, 2011
Wednesday, April 6, 2011
Leni Riefenstahl
Tá aiste shuimiúil anseo ar Leni Riefenstahl. An bolscaireacht ná faisnéis a bhí sa scannán 'Bua na Tola'
Friday, February 18, 2011
Cearta Sibhialta sna Stáit Aontaithe
Tugann an scannán seo eolas ar Bhagchat na mBusanna i Montgomery
Friday, January 28, 2011
Ealaín i Pompeii

Amharc ar na pictiúir seo ó Pompeii agus freagair na ceisteanna seo a leanas:
1. Déan cur síos ar a bhfuil le feiceáil sa phictiúr - daoine agus rudaí
2. Cad is féidir linn a fhoghlaim ón phictiúr faoi
a) Bia na Rómhánach
b) Éadaí na Rómhánach
c) Ealaín na Róimhe
d) Ceardaíocht na Róimhe
3. An foinse phríomha nó foinse tháinisteach é seo?
Obair Bhaile ar Chill Santail (Mount Sandel)

1. Cá bhfuil Cill Santail?
2. Cén abhainn atá in aice leis?
3. Cén t-ainm a bhí ar an seandálaí a d'aimsigh Cill Santail?
4. Cad a fuair na seandálaithe ann?
5. Caidé mar a cuireadh dáta ar na hiarsmaí?
6. Cén sórt tithe a bhí ag na daoine ag an am i gCill Santail?
Census na hÉireann 1911

Tá teacht ar dhaonáireamh (census) na hÉireann 1911 anseo. Ba ghnách leis an rialtas census a reachtáil uair amháin gach 10 mbliana.Tá eolas ann faoi gach aon duine a bhí beo in Éirinn ag an am.
Déan iarracht eolas a aimsiú faoi do theaghlach féin.
Wednesday, December 1, 2010
Martin Luther King "I have a dream"
5ú Bliain
Déan trí phointe tábhachtach a dhéanann King a bhreacadh síos i do chóipleabhar
Ar an fhíseán seo cloisfidh tú Martin Luther King ag tabhairt óráide i Washington ar 28 Lúnasa 1963, mar chuid de agóid fá choinne cearta sibhialta.
Déan trí phointe tábhachtach a dhéanann King a bhreacadh síos i do chóipleabhar
Subscribe to:
Posts (Atom)
