Thursday, September 3, 2015


Tá eolas anseo ar an dá pháirtí polaitíochta mór sna Stáit Aontaithe - Na Daonlathaigh agus na Poblachtaigh. Tugtar eolas faoin stair a bhaineann leo agus na difríochtaí eatarthu.

Tuesday, September 1, 2015

Wednesday, September 25, 2013

Wolfe Tone

Tá go leor eolais ar fáil ag an nasc seo ar Wolfe Tone. Thig leat eolas a fháil ar go leor topaicí eile a bhaineann leis na réabhlóidí ar an suíomh chéanna.     Wolfe Tone

Tuesday, May 7, 2013

Century Ireland

Seo suíomh nua idirlín ann a bheidh iontach úsáideach daoibh le staidéar a dhéanamh ar an tréimhse 1913 - 1923 in Éirinn. Ar fáil ag an nasc seo.

Monday, December 10, 2012

Brú na Bóinne

Ar an 21 Nollaig (grianstad an gheimhridh), tarlóidh rud iontach ag Brú na Bóinne i gCondae na Mí. Ag éirí na gréine rachaidh ga amháin solais isteach sa bhocsa dín i Sí an Bhrú (an tuama pasáiste is mó i mBrú na Bóinne). Rachaidh sé síos an pasáiste agus lasfaidh sé suas an seomra i lár an tuama.



Tá Brú na Bóinne 5000 bliain d'aois
Tá sé níos sine ná pirimidí na hEigipte
Tógadh é sa Ré Neoilteach (An Nuachlochaois)

Friday, December 7, 2012

Comhdháil Chorp Chríost, 1932

Tá PDF ar fáil ag an nasc seo ar a bhfuil sraith pictiúir d'ardchaighdeán a bhaineann le Comhdháil Chorp Chríost, 1932

Thursday, December 6, 2012

Scaradh Katanga ar TG4

Thig teacht ar chlár faisnéise a rinne TG4 ar Scaradh Katanga ag an nasc seo. Cuir síos an-mhaith ar phríomhimeachtaí an Chongó agus léargas suimiúil ar ról na nÉireannach ann.

Thursday, November 29, 2012

Léigear Dhoire i miotaseolaíocht na nAontachtach

Tá aiste mhaith anseo a thugann léargas ar an mhiotaseolaíocht a bhaineann le Léigear Dhoire. Maith fá choinne cúleolais ar an mhodúl ar Thuaisceart Éireann.

Thursday, October 11, 2012

Scaradh Katanga

Seo físeán maith a thugann eolas faoin chúlra a bhaineann le neamhspleáchas an Chongó agus an ról a bhí ag Patrice Lumumba ann.

 

Eolas ó shuíomh idirlín an CIA i dtaobh an Chongó ar fáil anseo. Bheadh seo úsáideach fá choinne cúlra an chás-staidéir a thuigbheáil.
Alt gairid ó Leabharlann Chomhdháil Mheiriceá ar an scaradh anseo.
Alt ó CNN ar Mobutu ar fáil anseo.
Léarscáil agus nótaí faoi Ghéarchéin an Chongó ar fáil ag an nasc seo.
Ailt faoi dhúnmharú Patrice Lumumba ón BBC ar fáil anseo agus anseo.
Alt ó shuíomh idirlín na Náisiún Aontaithe faoi Dag Hammarskjold
Alt faoi Mobutu ón New York Times ar fáil anseo.
Alt faoi Moise Tshombe. Tá go leor naisc eile ar an suíomh seo.
Líne ama a thaispeánann stair an Chongó ó 1200 AD i leith.
An óráid a thug Patrice Lumumba ar lá neamhspleáchais an Chongó ar fáil anseo.
Clár raidió a dhéanann cur síos ar imeachtaí an Chongó. Tá tras-scríbhinn leis.
Alt suimiúil faoi phlean a bhí ag Stáit Aontaithe Meiriceá Lumumba a mharú.

Tá go leor físeáin eile ar fáil ar YouTube. Bígí á gcuartú!

Thursday, September 13, 2012

Críochdheighilt na hIndia

Seo clár fáisnéise de chuid an BBC a dhéanann cur síos ar na himeachtaí a bhain le haistarraingt na Breataine agus críochdheighilt na hIndia.

Monday, January 16, 2012

Cearta Sibhialta i dTuaisceart Éireann

Tugtar cur síos ar fhorbairt Ghluiseacht na gCeart Sibhialta i dTuaisceart Éireann agus na freagraí éagsúla a bhí ann di.