Tá an físeán idirghníomhach seo ón BBC úsáideach chun an buneolas a fháil faoin chogadh fhuar - téigh go dtí páirt 5 chun eolas a fháil faoi na cúiseanna a bhí leis an Chogadh.
Lean an nasc seo chuig Leabharlann an Uachtaráin Truman. Tá doiciméid, grianghraif agus eile a chuideoidh leat tuigbheail a fháil ar pholasaithe Truman.
Mar go raibh Truman buartha faoi fhas an Chumannachais san Eoraip, shocraigh sé ar pholasaí eachtrach gníomhach a chur i bhfeidhm. Bhí TEAGASC TRUMAN mar bhunchloch an pholasaí seo: gan ligint don chumannachas fás amach as na háiteanna ina raibh sé anois agus cuidiú a thabhairt do thíortha a bhí ag troid in éadan cumannachais.
Le PLEAN MARSHALL chuir na Stáit Aontaithe airgead ar fáil chun an Eoraip a atógáil. Chreid Truman, má bhí fostaíocht agus infreastruchtúr maith ag an Eoraip nach mbeadh na daoine ann ag iarraidh cumannachas a thabhairt isteach. POLASAÍ AN SRIANTA a thugtar ar an pholasaí seo a lean Truman, agus bhí sé mar bhun-phrionsabal ag na Stáit Aontaithe i ngnóthaí eachtracha ar feadh 40 bliain ina dhiaidh sin.
Thursday, September 3, 2015
Tá eolas anseo ar an dá pháirtí polaitíochta mór sna Stáit Aontaithe - Na Daonlathaigh agus na Poblachtaigh. Tugtar eolas faoin stair a bhaineann leo agus na difríochtaí eatarthu.
Tá go leor eolais ar fáil ag an nasc seo ar Wolfe Tone. Thig leat eolas a fháil ar go leor topaicí eile a bhaineann leis na réabhlóidí ar an suíomh chéanna. Wolfe Tone
Ar an 21 Nollaig (grianstad an gheimhridh), tarlóidh rud iontach ag Brú na Bóinne i gCondae na Mí. Ag éirí na gréine rachaidh ga amháin solais isteach sa bhocsa dín i Sí an Bhrú (an tuama pasáiste is mó i mBrú na Bóinne). Rachaidh sé síos an pasáiste agus lasfaidh sé suas an seomra i lár an tuama.
Tá Brú na Bóinne 5000 bliain d'aois
Tá sé níos sine ná pirimidí na hEigipte
Tógadh é sa Ré Neoilteach (An Nuachlochaois)
Thig teacht ar chlár faisnéise a rinne TG4 ar Scaradh Katanga ag an nasc seo. Cuir síos an-mhaith ar phríomhimeachtaí an Chongó agus léargas suimiúil ar ról na nÉireannach ann.
Tá aiste mhaith anseo a thugann léargas ar an mhiotaseolaíocht a bhaineann le Léigear Dhoire. Maith fá choinne cúleolais ar an mhodúl ar Thuaisceart Éireann.
Seo físeán maith a thugann eolas faoin chúlra a bhaineann le neamhspleáchas an Chongó agus an ról a bhí ag Patrice Lumumba ann.
Eolas ó shuíomh idirlín an CIA i dtaobh an Chongó ar fáil anseo. Bheadh seo úsáideach fá choinne cúlra an chás-staidéir a thuigbheáil.
Alt gairid ó Leabharlann Chomhdháil Mheiriceá ar an scaradh anseo.
Alt ó CNN ar Mobutu ar fáil anseo.
Léarscáil agus nótaí faoi Ghéarchéin an Chongó ar fáil ag an nasc seo.
Ailt faoi dhúnmharú Patrice Lumumba ón BBC ar fáil anseo agus anseo.
Alt ó shuíomh idirlín na Náisiún Aontaithe faoi Dag Hammarskjold
Alt faoi Mobutu ón New York Times ar fáil anseo.
Alt faoi Moise Tshombe. Tá go leor naisc eile ar an suíomh seo. Líne ama a thaispeánann stair an Chongó ó 1200 AD i leith.
An óráid a thug Patrice Lumumba ar lá neamhspleáchais an Chongó ar fáil anseo. Clár raidió a dhéanann cur síos ar imeachtaí an Chongó. Tá tras-scríbhinn leis. Alt suimiúil faoi phlean a bhí ag Stáit Aontaithe Meiriceá Lumumba a mharú.
Tá go leor físeáin eile ar fáil ar YouTube. Bígí á gcuartú!