Tuesday, January 19, 2016
Óráid Kennedy ag Ollscoil Rice, 12 Meán Fómhair 1962
San óráid seo thug Kennedy míniú ar na cúiseanna a bhí ag SAM leis an spáschlár a bhí acu.
Thursday, December 3, 2015
Rosa Parks
Tá fís shuimiúil agus agallamh le Rosa Parks a craoladh i Meiriceá ar an lá a fuair sí bás ag an suíomh seo.
Tuesday, November 24, 2015
Friday, November 20, 2015
Wednesday, November 18, 2015
Betty Friedan
Tugann an físeán seo léargas ar Ghluaiseacht na mBan i Meiriceá sna 1960í agus ar an ról a bhí ag Betty Friedan ann.
Wednesday, November 11, 2015
An tSochaí Shaibhir
Tá físeán beag anseo a thugann léargas maith ar an tSochaí Shaibhir sna Stáit Aontaithe.
Tuesday, October 6, 2015
Daisy Girl
Tá nasc do Leabharlann Uachtaránach LBJ anseo.
Seo thíos an físeán "Daisy Girl" ó fheachtas Uachtaránachta Johnson, 1964
Seo thíos an físeán "Daisy Girl" ó fheachtas Uachtaránachta Johnson, 1964
Wednesday, September 16, 2015
Tuesday, September 15, 2015
Aertarló Bheirlin - Bolscaireacht na Breataine??
Seo scannán a rinneadh sa Bhreatain faoi AERTARLÓ BHEIRLIN. An síleann tú gur sampla é seo de bholscaireacht? Cén dóigh?
Wednesday, September 9, 2015
An Cogadh Fuar

Tá an físeán idirghníomhach seo ón BBC úsáideach chun an buneolas a fháil faoin chogadh fhuar - téigh go dtí páirt 5 chun eolas a fháil faoi na cúiseanna a bhí leis an Chogadh.
Féach fosta ar an suíomh seo.
Tá doiciméid agus cartún anseo a thugann léargas ar na cúiseanna a bhí leis an chogadh fhuar fosta.
Tuesday, September 8, 2015
Leabharlann an Uachtaráin
Lean an nasc seo chuig Leabharlann an Uachtaráin Truman. Tá doiciméid, grianghraif agus eile a chuideoidh leat tuigbheail a fháil ar pholasaithe Truman.
Truman ag cur in éadan fhás an chumannachais

Mar go raibh Truman buartha faoi fhas an Chumannachais san Eoraip, shocraigh sé ar pholasaí eachtrach gníomhach a chur i bhfeidhm. Bhí TEAGASC TRUMAN mar bhunchloch an pholasaí seo: gan ligint don chumannachas fás amach as na háiteanna ina raibh sé anois agus cuidiú a thabhairt do thíortha a bhí ag troid in éadan cumannachais.
Le PLEAN MARSHALL chuir na Stáit Aontaithe airgead ar fáil chun an Eoraip a atógáil. Chreid Truman, má bhí fostaíocht agus infreastruchtúr maith ag an Eoraip nach mbeadh na daoine ann ag iarraidh cumannachas a thabhairt isteach.
POLASAÍ AN SRIANTA a thugtar ar an pholasaí seo a lean Truman, agus bhí sé mar bhun-phrionsabal ag na Stáit Aontaithe i ngnóthaí eachtracha ar feadh 40 bliain ina dhiaidh sin.
Thursday, September 3, 2015

Tá eolas anseo ar an dá pháirtí polaitíochta mór sna Stáit Aontaithe - Na Daonlathaigh agus na Poblachtaigh. Tugtar eolas faoin stair a bhaineann leo agus na difríochtaí eatarthu.
Wednesday, September 2, 2015
Subscribe to:
Posts (Atom)