Monday, February 1, 2016

Éirí Amach 1916

Tá turas thart ar Bhaile Átha Cliath a thugann cuairt ar láithreacha tábhachtacha an Éirí Amach ar fáil ag an nasc seo.

Tá cuid mhór eolais faoin Éirí Amach anseo ar shuíomh idirlín RTÉ.

Eolas úsáideach anseo fosta.

Tá suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann maith fosta.

Litir ó Phádraig Mac Piarais chuig a mháthair ar fáil anseo.

Tuesday, January 19, 2016

Thursday, December 3, 2015

Rosa Parks

Tá fís shuimiúil agus agallamh le Rosa Parks a craoladh i Meiriceá ar an lá a fuair sí bás ag an suíomh seo.

Friday, November 20, 2015

Wednesday, November 18, 2015

Betty Friedan

Tugann an físeán seo léargas ar Ghluaiseacht na mBan i Meiriceá sna 1960í agus ar an ról a bhí ag Betty Friedan ann.


Wednesday, November 11, 2015

An tSochaí Shaibhir

Tá físeán beag anseo a thugann léargas maith ar an tSochaí Shaibhir sna Stáit Aontaithe.


 

Tuesday, October 6, 2015

Daisy Girl

Tá nasc do Leabharlann Uachtaránach LBJ anseo.
Seo thíos  an físeán "Daisy Girl" ó fheachtas Uachtaránachta Johnson, 1964

Wednesday, September 9, 2015

An Cogadh Fuar


Tá an físeán idirghníomhach seo ón BBC úsáideach chun an buneolas a fháil faoin chogadh fhuar - téigh go dtí páirt 5 chun eolas a fháil faoi na cúiseanna a bhí leis an Chogadh.

Féach fosta ar an suíomh seo.

Tá doiciméid agus cartún anseo a thugann léargas ar na cúiseanna a bhí leis an chogadh fhuar fosta.

Tuesday, September 8, 2015

Leabharlann an Uachtaráin

Lean an nasc seo chuig Leabharlann an Uachtaráin Truman. Tá doiciméid, grianghraif agus eile a chuideoidh leat tuigbheail a fháil ar pholasaithe Truman.

Truman ag cur in éadan fhás an chumannachais


Mar go raibh Truman buartha faoi fhas an Chumannachais san Eoraip, shocraigh sé ar pholasaí eachtrach gníomhach a chur i bhfeidhm. Bhí TEAGASC TRUMAN mar bhunchloch an pholasaí seo: gan ligint don chumannachas fás amach as na háiteanna ina raibh sé anois agus cuidiú a thabhairt do thíortha a bhí ag troid in éadan cumannachais.
Le PLEAN MARSHALL chuir na Stáit Aontaithe airgead ar fáil chun an Eoraip a atógáil. Chreid Truman, má bhí fostaíocht agus infreastruchtúr maith ag an Eoraip nach mbeadh na daoine ann ag iarraidh cumannachas a thabhairt isteach.
POLASAÍ AN SRIANTA a thugtar ar an pholasaí seo a lean Truman, agus bhí sé mar bhun-phrionsabal ag na Stáit Aontaithe i ngnóthaí eachtracha ar feadh 40 bliain ina dhiaidh sin.

Thursday, September 3, 2015


Tá eolas anseo ar an dá pháirtí polaitíochta mór sna Stáit Aontaithe - Na Daonlathaigh agus na Poblachtaigh. Tugtar eolas faoin stair a bhaineann leo agus na difríochtaí eatarthu.